Print

Eagraíonn an Coiste Náisiúnta deireadh seachtaine náisiúnta rince céilí gach trí bliana.  Ag an ócáid seo bíonn Fíor-Chéilithe, ceardlanna, cúrsa traenála do dhaoine le suim sa múinteoireacht, aifreann &rl. Go dtí seo bhí siad ar siúl i gColáiste Phádraig, Má Nuad (1997 agus 2001); Coláiste Mhuire, Gaillimh (2004) agus Ionad Spioradálta agus Comhdhála Dhroim an tSiadháin, An Iúr, Co. an Dúin (2007, 2010, 2013, 2016 agus 2019). Níl am nó áit socruithe don chéad cheann eile.