Stair na hEagraÃochta
B'é 1997 comóradh an chéid den chéad chéilà foirmeálta. BunaÃodh Cairde Rince Céilà na hÉireann (Comóradh an Chéid) i 1996 chun an ócáid sin a chomóradh agus chun suim sa rince céilà a athbheochaint ar fud na tÃre. EagraÃodh ranganna agus ceardlainn ar fud na tÃre agus bhà ceithre FÃor Chéilà Chúige ina dhiaidh sin. Bhà FÃor Chéilà Laighean i Ballyroan, Co. Laois, FÃor Chéilà Uladh i Galbally, Co. ThÃr Eoghain, FÃor Chéilà Chonnacht i Tooreen, Co. Mhaigh Eo agus FÃor Chéilà na Mumhan in Askeaton , Co. LuimnÃ. Ag deireadh na bliana bhà deireadh seachtaine náisiúnta den rince céilà i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. I rith na deireadh seachtaine sin bhà ceardlainn, cúrsa do dhaoine gur suim leo an rince céilà a mhúineadh, trà FhÃor ChéilÃ, FÃor Chéilà na nÓg, léacht faoi stair an rince céilà a thug Maitiú Ó Maoiléidigh go ndéana Dia grásta ar a anam, seirbhÃs de chuid Eaglais na hÉireann agus Aifreann á ceiliúradh ag an Easpaig Seosamh Ó Dufaigh, an t-Ath. Finnian Connaughton agus an t-Ath. Seán Clerkin.
Nuair a bhà comóradh an chéid thart bhà gach duine ar aon intinn gur cheart eagraÃocht náisiúnta a bhunú chun an rince céilà neamhchomórtasach a chur chun cinn ar fud na tÃre agus toghadh coiste náisiúnta chun an obair sin a dhéanamh. Is eagraÃocht náisiúnta, cultúrtha, deonach à Cairde Rince Céilà na hÉireann atá freagrach as an rince céilà neamhchomórtasach a chur chun cinn i measc gach aoisghrúpa ar fud na tÃre. Gabhann an eagraÃocht buÃochas leis an gComhairle EalaÃon as roinnt cúnaimh airgid a thabhairt dúinn.
EagraÃonn Cairde Rince Céilà na hÉireann agus na clubanna áitiúla ranganna, ceardlainn agus FÃor Chéilithe (oÃcheanta den rince céilÃ) do dhaoine fásta ar fud na tÃre. Tá an coiste náisiúnta freagrach as clubanna nua a bhunú agus cabhrú leis na clubanna nua ranganna agus an chéad FhÃor Chéilà a eagrú. BÃonn na himeachtaà go léir a eagraÃonn Cairde Rince Céilà na hÉireann ar siúl in áiteanna atá saor ó alcól.
EagraÃtear cúrsaà agus scrúdaithe cáilithe do dhaoine gur suim leo an rince céilà a mhúineadh. Tá fáilte roimh múinteoirà rince céilà atá cáilithe cheana féin trà eagraÃochtaà eile teagmháil a dheánamh linn má tá suim acu an rince céilà neamhchomórtasach a mhúineadh ina gceantair féin.
Is é an obair is mó a dhéanann Cairde Rince Céilà na hÉireann ná cúrsaà ocht seachtaine sa rince céilà a eagrú i mbunscoileanna agus i meánscoileanna ar fud na tÃre. I ndiaidh na cúrsaà sin eagraÃtear FÃor Chéilithe na nÓg i ngach ceantair ina bhfuil na cúrsaà sin ar siúl. Ónar bunaÃodh é, tá Cairde Rince Céilà na hÉireann i ndiaidh an rince céilà a mhúineadh do nÃos mó ná 10,000 páiste gach bliain. Is tuar dóchais é an dul chun cinn atá déanta againn do thodhchaà an rince céilà - rince dúchais na hÉireann. Tá sé ar intinn ag an eagraÃocht tógáil ar an obair atá déanta cheana féin.



