Fáilte go suíomh idirlín Chairde Rince Céilí na hÉireann
Bunaíodh Cairde Rince Céilí na hÉireann sa bhliain 1996. Is eagraíocht náisiúnta dheonach chultúrtha í atá freagrach as an rince céilí neamhiomaíoch a chur chun cinn i measc gach aoisghrúpa ar fud na hÉireann. Déantar seo trí ranganna seachtainiúla, ceardlanna, Fíor-Chéilithe agus cúrsaí múinteoireachta a eagrú. Bíonn na himeachtaí go léir ar siúl i suíomhanna atá saor ó alcól. Tá eolas breise faoi ghach gné d’obair na heagraíochta, liosta iomlán Fhíor-Chéilithe ar fud na hÉireann san áireamh, ar fáil ón gclár ar chlé.
Tá imeachtaí ag tosú arís i ndiaidh na paindéime. Coinnigh súil ar liosta na n-imeachtaí agus na ranganna.