Sé atá sa rince céilí ná rince dúchais na hÉireann a dhéantar i ngrúpaí. Tá fianaise ann go raibh cuid de na rincí seo á dhéanamh sna 1500 adaí. Déantar é le ceol traidisiúnta na hÉireann - Ríleanna agus poirt don chuid is mó. Déantar fíor bheagán den rince céilí le poirt singil agus cornphíopaí.
Is iomaí foirm a thógann na rincí seo. Dhá bheirt (Cor Ceathrar, Pléaracha na Bandan), Trí bheirt (Cor an Diúic), Ceithre Bheirt (Aoibhneas na Bealtaine, Port Ochtar), Sé Bheirt (Bainis Uí Lonagáin), Ocht mbeirt (Cor Seisear Déag). Beirt os comhair beirte (Ballaí Luimní, Cor Aontroma &rl.), Triúr os comhair triúir (Cor na Síóg, Port an Fhómhair &rl.), ceathrar os comhair ceathrair (Ionsaí na hInse).
Líne na bhfear os comhair line na mban ( Rince Fada, Baint an Fhéir &rl.) agus ciorcal de bheirteanna (Rince Mór rl.)
Féach: A Short History of Irish Céilí Dancing by Kathleen Moffatt